Suirbhé Logainmneacha Chorcaí
The Cork Place Name Survey

Placenames collected in the Townland of Baile Iarthach Theas, Civil Parish of Clear Island, Co. Cork.

Suíomh / Location
’Sé an Baile Iarthach an baile fearainn is sia siar i gCléire. Tá an baile seo roinnte ina dhá chuid. Tá an Baile Iarthach Theas ann agus tá an Baile Iarthach Thuaidh. Ní mór nach bhfuil an t-oileán gearrtha trasna ar theorainn thoir an bhaile seo idir an dá chuan – Inbhear agus Trá Chiaráin DSD.

Tírdhreach / Landscape Description
Seacht ngabháltas talaimh a deineadh den 202 acra, 1 ceathrú agus 39 péirse atá sa bhaile fearainn Baile Iarthach Theas. Sa bhliain 1841 áiríodh 102 duine ina gcónaí i mBaile Iarthach Theas. Naonúr a bhí lonnaithe ann i 1991. Tá an talamh torthúil thoir agus ó thuaidh ach port is sliabh is mó atá thiar agus ó dheas mar a bhfuil An Sliabh Ard, atá 275’ os cionn farraige.


Townland Name variations

For the purposes of the Cork Place Name Survey, variations in townland names were collected from both oral and documented sources for every Cork townland. Those for the Townland of Baile Iarthach Theas are presented here.

A full bibliography of oral and documentary sources consulted for the Cork Place Name Surveys is provided in each parish volume in the Cork Place Name Archive at Cork County Library.

1832 South Balleragh RW []
1840 South Balleragh RW
Balliragh BSR
Ballyieragh South, Tithe Ledger NB.
Ballyiyrah South, Rental NB.
Ballyieragh South, Local NB.
Recpt. of Rent, JOD NV.
[]
1846 Ballyieragh South SO 1,2.
[]
1849 Bally Iragh S CRB.
[]
1869 Bally Iragh S CRB.
[]
1873 Ball. South CRB
[]
1873 Ball. South CRB
[]
1935 Baile Iarthach RBÉ 174: 572-82, CFC 42.
[]
1938 Baile Iarthach Theas RBÉ S 295:79.
[]
1938 An Baile Iarrach CÓS RBÉ 609:216.
[]
1940 Baile Iarthach Theas LSC 1, 2.
[]
1975 Baile Iarthach Theas = West Townland South MFC 134.
[]
1976 Baile Iarrach Theas PC, DSD.
[]
2004 Baile Iarthach Theas OLCG.
[]

NOTE:
Numbers on placenames below refer to Map locations of named places and features in the townland. A listing of the names and addresses of the Collectors and Suppliers of the placenames are given for every townland in the volumes of the Cork Place Name Survey Archives at Cork County Library. All documentation consulted for placename references to places and features in each townland are also given in the volumes of the Place Name Archives.

No. Name Abb. Description
1. Inbhear Beag PC

Ineerbeg SO 1,2,

NHC 35
Trí thrá atá i gCuan Inbhir nó sa Chuan Theas. Tá Cuas an Uisce as radharc an bhóthair, Inbhear Beag, agus Inbhear Mór atá díreach os comhair Brú na hÓige. Tá Trá Inbhir Bhig ar imeall an bhóthair ón gComar go dtí Cuan Inbhir Mhóir. Trá bhreá ghainimh a bhí in Inbhir Mór uair amháin ach nuair a tógadh an ché idir Oileán Athach (ar an taobh ó dheas de) cuireadh bac ar sruthlú taoide sa chuan. De réir a chéile, d’imigh an gaineamh ón trá agus níor tháinig a thuilleadh ina áit, rud a d’fhág an trá an-chlochach.
Ó dheas ó Inbhear Beag, trasna an chuain i mBaile Iarthach Theas tá Na Crúibíní, mara bhfuil cuma crúibíní muice ar dhá ghob talaimh más fíor. Bollán na nDeargán atá ar an bPointe ó dheas ar fad agus Cuaisín na Loinge Dóite atá ar an gcuaisín le hais Inbhir Bhig.
2. Tráigh Inbhir Bheag PC

Tráigh Inbhéir Bhig CÓS RBÉ 742:329.
Tráigín beag atá an-chlochach.
3 Bóthar Inbhir Bheag PC Bóithrín ón gConair chun na trá.
4 Leacain Inbhir PC
5 Gort an Tí PC
6 Garraí Pholl an Phortáin PC
7 An Talamh Fada Thoir PC
8 An Talamh Fada Thiar PC
9 Cnocán na Palaíseach,
Cnocán na Polúiseach
PC Bhíodh an t-ainm Pailís ar áit leasaithe éisc sa seachtú aois déag. Is dóichí gur tagairt do Phailís Éisc a bhí gar don áit seo atá i gceist san ainm seo. Bhí an-éileamh ar shéirdín sa seachtú agus san ochtú aois déag agus thagadh iascairí ón Mór-Roinn go dtí an cósta theas. Bhí cúpla Pailís i gCléire, ceann acu i gCoinlín ag geata Tigh an tSagairt agus ceann eile os cionn Inbhir Bhig agus tharlódh go ndeintí leasú séirdín tráth san áit ar a dtugtar Goirtín na Séirdíní.
Tá baile fearainn Kilkinnikin West in Iarthar Chorcaí mar a bhfuil Cnocán na Pailíse, ‘Knoll of the Pallace or Palice’ a pressing or curing station for pilchard. These were established in the peninsula by Sir. Wm. Petty in 1672’ Dinn., V1, 2 (Nollaig, 1974), 43-44.
10 Tigh Chonchúir PC Tigh le Conchúr Ó Drisceoil, c.1950.
11 Garraí an tSagairt PC Chónaigh sagairt an oileáin anso tráth. Dé réir an tseanchais chónaigh an tAth. Tomás Ó Mainnichín anseo thart ar an mbliain 1800. Ba é an sagart deireanach a chónaigh anseo. Ba ar an gComalán mar a bhfuil Garraí an tSagairt agus Tigh Thaidhg Uí Shíocháin a chónaigh siad i ndiaidh an Bhaile Iarthaigh agus is le hais Inbhir i gCoinlín atáid ó thart ar 1839.
12 Cuas an Uisce PC,
Coosaneska SO 1, 2.
Tá tobar fíoruisce ann agus sníonn sruthán beag uaidh chun farraige.
13 Tobar an Bhóthair PC Tá tobar fíoruisce ann a bhfuil sruthán beag ag rith uaidh chun farraige ag Cuas an Uisce.
14 An Leacainín PC
15 Garraí Mhála PC B’fhéidir gur Garraí Mala, i.e. garraí ar mhalainn chnoic, atá i gceist. Cf. Mala, the brow of a hill FGD.
16 Garraí an Tobair PC
17-18 An Gort Dubh PC
19 Bóthar Bhaile Iarthaigh Theas PC Is mar ghar do na fir a bhíodh ag faire ón Sliabh Ard ar theacht na stíméirí ó Mheiriceá a tógadh an bóthar díreach seo in aimsir an Ghorta. Feabhsaíodh é ina dhiaidh sin nuair a tháinig an Teileagraf go Cléire. Faoi 1866 ní raibh tábhacht a thuilleadh le hOifig na dTeileagraf (Oifig Reuters) i gCléire mar ba sa bhliain sin a ceanglaíodh Oileán Dairbhire i gCiarraí tré chábla teileagrafa le Talamh an Éisc. Cuireadh deireadh obann mar sin le togáil an bhóthair go dtí an Sliabh Ard agus stopann sé ar theorainn Ghort na bhFeochadán. Ar an mbóthar seo atá Ionad Campála Chuas an Uisce, Tobar Chuas an Uisce atá gar don bhóthar, agus tigh a tógadh c. 1998 do bhanaltra an oileáin.
20 Tigh Sheosaimh,
Tigh Joe Cuais,
Tigh Bernie Lynch (1976)
PC Tigh Sheosaimh, i.e. tigh le Seosamh Ó Drisceoil (c. 1960). Thugtaí Joe Cuais ar Sheosamh Ó Drisceoil toisc cónaí a bheith air gar do Chuas an Uisce. Bhí Joe pósta le Cáit Nic Coitir, deirfiúir Pat the Poet. Chónaigh Pat sa Cottage sa Ghleann Meánach.
21 Clais na mBád PC
22 Gort an Tí PC
23 Pálás, Pailís PC The Palace, i.e. Fish Palace. Ball leasaithe séirdíní a bhí ann. Tá an tSean-Phailís suite mar a bhfuil cabhlach ar imeall na faille os cionn Chuan Inbhir. Sa seachtú aois déag, agus ag tús na hochtú haoise déag bhí foirgnimh eile mar seo ar an oileán. Dheintí pícliú agus pacáil pilseán iontu agus chuirtí thar sáile iad. D’úsáidtí na Pailís, mar a thugtaí orthu, chun íle le haghaidh lampaí a bhaint as éisc. Bhí ceann eile acu ag geata Tigh an tSagairt i gCoinlín.
24-26 Leacain an Bhainc PC
27 Lic an Chapaill PC
28 Faill an Phréacháin PC,
LSC 1, 2,
LDF,
MFC 137
Foil a’ Phekáin, Faill a’ Phréacháin LDF. Faill an Phréacháin = Cliff of the Crow or Raven MFC 137. Cf. Cnoc an Phréacháin LM 167, Cn 36.
29 Na Crúibíní PC Dhá ghóilín agus déanamh crúibíní muice orthu.
30 An Gearathar PC,
MFC 138
Faill gearrtha díreach atá ann. PC
31 Garraí Barracáin PC
32 Garraí Dhónail Bhuí PC Garraí le Dónal Ó Lionnáin. Dónal Buí a thugtaí ar Dhónal Ó Lionnáin (Leonard) a phós Mary Ann Burke 1886. Aon duine déag clainne a bhí orthu. Phós Danny Máire Ní Drisceoil, Ceathrúna, deirfiúr Theidí a raibh cónaí air mar a bhfuil Tigh Theidí i nGort na Lobhar.
33 Páirc Barraicín PC B’fhéidir gur tagairt do shuíomh na páirce ar airde atá gar do Fhaill an Phréacháin atá i gceist san ainm. An bhféadfadh gur ón éan ‘Barra cinn óir (goldfinch)’ do ainmníodh? DSD. Bairricín, a toe cap, a ferrule for a stick FGD. Bheadh bairricín dúda ag an tseanduine ag caitheamh a phíopa dó lá gaoithe DSD.
34 Tigh Barraicín PC
35 Gort na hAille PC
36 Gort na Piobairne PC Creathadh le faitíos an chiall atá le piobarnaíl. Tharlódh gur ón bhfocal piobar’ (pepper) a bhfuil an chiall fustar, deifir, leis a tháinig piobarnaíl. Cf. (i) Nótaí ar Fhocail, Éigse, XXII, (1987): 107-8, (ii) Piobaranta, CFOC 211.
37 An Cora PC Cf. (i) Cora-tocht a choinníonn uisce siar (a dam) TA 255, (ii) Cora-gob caol fada talún a bheadh ag síneadh amach i bhfarraige LFR 52.
38 Garraí Mháire na Struma PC Garraí le Máire Ní Riagáin. Riagánaigh ba ea Muintir na Struma. Cf. Tigh Phádraig Uí Riagáin Cto 17.
39 Páirc an Tí PC
40 Tigh Din Cadogan,
1994 Tigh Bradshaw
PC,
MJC
Donncha agus col-ceathrar leis, Con Ó Céadagáin a sheol an Ilen ó Dhún na Séad chuig na hOileáin Falkland le Conor O’Brien, i 1925-26. Fuair Donncha bás c. 1989. Tugadh an Ilen ar ais go hÉirinn agus thug sí cuairt ar Chléire i Samhradh 1998. Ó tuairim 1996 tá an tigh agus an talamh ag Meiriceánach.
41 Tigh Phádraig PC Tigh le Pádraig Ó Sé, i.e. 1959 Patrick Shea VB. D’éag Pádraig c. 1980 agus tá an tigh agus talamh ag an uasal Bradshaw ó timpeall 1994.
42 Cill Léithín PC,
Cill Athínn CÓS RBÉ 609:292
Seanchill atá ann. Ní fios cérbh é an Léithín seo a thug nó a d’fhág ainm ar an gcill seo. Ní fios ach oiread cathain a bhí an chill in úsáid. Gabhann bóthar an Bhaile Iarraigh Theas anois siar trí lár na cille seo.
43 An Gleanna-Ghort PC
44 Goirtín na Bileoige PC Tagairt do phlanda fiain, b’fhéidir. Cf. Bileóg na n-éan, wood-sorrel; bileóg sráide, a wild plant FGD.
45 An Gearathar PC,
LSC 2,
An Gearithir
Ball garbh é. Tá an talamh agus na failltreacha gearrtha díreach ann.
46 Com Mór PC Com nó log talún. Cf. An Com BIT 31.
47 Garraí an Ghearathair PC
48 An Cnoc PC
49 Gort na bhFeochadán PC Gortnavahanane DSM, 1685 Gortnavohanane HD, Gortnavake HD.
50 Gort na bhFeochadán Thiar PC
51 Garraí Mór PC
52 Garraí Chonchúir PC i.e. Garraí le Conchúr Ó Sé.
53 Garraí Thomáis PC Garraí le Tomás Ó Sé, i.e. 1888 Thomas Shea VB.
54 Garraí Gobaigh PC
55 Garraí Nóin Dhonncha PC
56 Garraí na Meacan PC
57 Carraig Dhonncha Dhiarmada PC Ainmnithe ó Dhonncha Ó Drisceoil, i.e. 1899 Denis Driscoll VB.
58 Gort na Lice PC
59 Cnoc an Aifrinn PC
60 Carraig an Aifrinn PC,
CÓS RBÉ 609:291
De réir an tseanchais bhíodh aifreann á léamh ann in aimsir na bPéindlithe.
61 Na Tithe Falla Feaidín PC Thánathas ar rian tithe ciorcalacha ann.
62 Tigh Dinny na Cathrach, Tigh Dhonncha Uí Mhathúna PC Bhí an forshloinne Cathrach ar chuid de mhuintir Uí Mhathúna i gCléire. Donncha nó Dinny na Cathrach a bhí ar Dhonncha Ó Mathúna, i.e. 1923 Denis Mahony VB.
63 Carraig Dhonncha Liam PC Bhí Liam Ó Céadagáin, i.e. 1877 William Cadogan VB, pósta le Máire Ní Chéadagáin. Iníon leo Cáit, a bhí pósta ag Diarmaid Ó Donnabháin, Baile Iarthach Theas. Cf. Tigh Mháiréad Bean Uí Dhonnabháin BID 134; Ó Donnabháin, Baile Iarthach Theas BGC. Tá an charraig seo ainmnithe ó Dhonncha Ó Céadagáin, i.e. 1905 Denis Cadogan VB.
64 Tigh Chonchúir Mhóir PC Tigh le Conchúr Ó Céadagáin, i.e. 1875 Cornelius Cadogan sa VB.
65-66 Garraí Nua Thoir PC
67-68 Cnoc PC
69 Pointe Cuairt,
Pointe an Chuairt
PC,
DSD
70 An Cuas Gorm Mór PC
71 An Cuas Gorm Beag PC
72 Faill an Chliabháin PC
73 Poll an Bhreacaire PC Cf. Breacaire, a (sorry) angler FGD.
74 Bollán Currach PC, Balán Corach LDF
75 Fothcharraig,
Carraig Dubh
PC,
NBR,
DSD,
Focarrig SO 2,
Fothcharraig (Lone Rock) NBR, Focarrig,
Under Rock NHC 34.
Is ionann í agus carraig fhochaise. Cf. ‘Fochais’-Carraig nó iomaire carraigeach fé uisce, go mbíonn an fharraige ag briseadh os a cionn le linn stoirme TCCD I (1938), 74.
76 Garraí Mháire Spáinní DS Garraí le Máire Ní Chochláin, i.e. 1853 Mary Coghlan GV. Iníon le James Coughlan, an Spáinneach Mór ba ea Máire Spáinní. Ar an mBaile Iarthach Theas a chónaigh an Spáinneach Mór – báille de chuid na mBítséarach. Bhí gaol idir an Spáinneach Mór agus an té atá i gceist in ainm na páirce seo. B’as Cruachán, Co. Chorcaí, i.e. Crookhaven don Spáinneach Mór. Tá Carraig Sheáin Spáinneach ainmnithe ó dhuine eile den chlann céanna.
77 Tigh Jerh Mór PC Tigh le Diarmaid Mór Ó Sé, i.e. 1862 Jermiah Shea VB.
78 An Currach PC
79 Gort na Móna PC
80 Gort na Móna Thoir PC
81 An Garraí Mór PC
82 Goirtín na Billeoige PC
83 Goirtín na Séirdíní PC Bhí séirdíní an-raidhsiúil ar an gcósta theas tráth. Bíonn fáil fós ar roinnt díobh ag deireadh an tsamhraidh. Cf. Cnocán na Pailíseach BID 9.
84 Garraí Sheáin Uí Chaoilte PC Garraí le John Quilty, i.e. 1845 John Quilty CRB.
85 Páirc Sheáin an Phoirt PC Ainmnithe ó John Quilty, is dóichí.
86 An Cnoc PC
87 Cuas an Ghallúnaigh PC, DSD Cuas a’ Ghallúin CÓS RBÉ 609:292, CFC 88, Cuas an Ghallúnaig, Cove of the Soap MFC 136. Tá Cuas an Ghallúnaigh leis in Inis Fada, Cf. BIF.
88 An Pháirc Nua PC
89 Tón an Ghearathair DS Bun na faille.
90 Gallán na Páirce Nua DS Bhí an gallán seo ar thaobh na páirce os cionn na farraige mar mharc do iascairí cholmóirí.
91 Port DS
92 Garraí Mháire Dhónail PC Riagánaigh ab ea Muintir na Struma agus ba file é duine ar díobh é Séamus na Struma. Duine díobh ba ea Máire Dhónail, dúrthas.
93 Gort an Túir Íochtair PC Bhí bothán beag anseo ag lucht na dTeileagraf, c. 1863.
94 Goirtín Duinneach DS
95 An Garraí Láir PC
96 Garraí Mháire Labhráis PC Sa bhliain 1845 pósadh Lawrence Bohane agus Ellen Mahony. Cf. Garraí Nóra Ní Bhuacháin BIT 42.45, Mac Curtáin, An Gleann BGC.
97 Cnocán na mBuachalla,
Cnocán na mBuachaillí
PC, COS RBÉ 256:7 Deirtear gur tháinig muintir an oileáin le chéile uair ansin chun tigh a thógaint do lánúin a cuireadh amach as a gcuid talaimh.
98 Garraí Neill Uí Churtáin,
Garraí Neillín Curtin
PC,
BC
Garraí le Neill Uí Churtáin, i.e. 1849 Ellen Curtayne FBC, 1853 Ellen Curtin GV. Cf. Mac Curtáin, An Gleann BGC.
99 Garraí Liam Uí Fhaoláin PC
100 An Port PC
101 Garraí Poirt PC
102 An Chluainé PC
103 Garraí Chonchúir Uí Fhaoláin PC Garraí le Conchúr Ó Faoláin, i.e. 1842 Cornelius Whelan CRB.
104 Port Láir PC
105 Garraí Sheáin an Phoirt PC
106 Gort Meánach PC
107 Gort an Túir PC Bhí tigín beag adhmaid anseo ag lucht faire loingeas an Tigh Teileagrafa, c. 1863. Is anso a bhíodh an Seantí nó Túr ag lucht na dTeileagraf. Triúr cléireach de chuid an Magnetic Cable Company a bhíodh sa Tigh Teileagrafa in Inbhear agus fear faire uathu i dtigín i nGort an Túir ar an Sliabh Ard. Bhíodh cléireach éigin ag faire amach de shíor ón áit seo ar na stíméirí ag teacht ó Mheiriceá mar ba Bhéal Inbhir an t-ionad coinne ag gach long a thagadh ar chósta na hÉireann chun teachtaireacht a chur ar dtír. Dá dtagadh long aniar san oíche, bhí lantaer ag an bhfear faire agus dheineadh sé comharthaí sóirt le daoine a bhíodh ar an dtrá de shíor ag feitheamh le focal na faire. Ghlaoití ar dhuine des na cléirigh agus lainseálthaí bád agus amach leo chun na scéala a bhailiú ón stíméir SC 4-5.
108 An Sliabh Ard PC,
LSC 1, 2,
RBÉ 609:259
Talamh ard gan puinn tairbhe ann. Tuairim is 275’ os cionn farraige An Sliabh Ard. Cnoc atá sa Sliabh Ard i mBaile Iarthach Theas i gcomparáid leis ‘An Sliabh’ i gCrathach. Anseo, bhíodh daoine de shíor ag faire le haghaidh na mbád seoil a thagadh ar an gcósta ag lorg piolótaí do Chuan Chorcaí. Thagadh na báid mhóra seoil i radharc an oileáin de ló agus d’oíche agus théadh píolótaí chuchu ó Chléire chun iad a bhreith slán go Corcaigh agus cuanta eile.
109 Na Fir Bhréagacha,
Na Saighdiúirí MC
PC,
LSC 1, 2
Clocha móra ar an Sliabh Ard atá ins na Fir Bréige, a bhíodh cóirithe i bhfoirm saighdiúra, caipín agus casóg dhearg ar gach “gallán” acu. Deineadh an gléasadh seo orthu in aimsir chogaidh Napóilín d’fhonn eagla nó dalla-phúicín a chur ar na Franncaigh a bhí ag tarrac ar Chóstaí na hÉireann i ndeireadh na hochtú aoise déag DSD.
110 An Bollán,
Bullán na nDeargán
PC,
LSC 2
Bollán na nDeargán = The Round-shaped Rock of the Bream MFC 135, Rinn na nDeargán, 1811 Bream Rock County Map (Cork), Rinn na nDeargáin NB. Ball breá le haghaidh iascaireacht slaite ba ea an Bollán riamh. Bhí an-éileamh i gCléire ar an ndeargán PC
111 Poll an Bhulláin PC
112 Pointe an Bholláin PC, Cape Clear, Pointabullaun (Round bold rocky point) NBR. Bhíodh an Pointe go maith chun iascaireacht slaite riamh. Amach ó Phointe an Bhulláin tharla tubaist fharraige i bhfad ó shin. Chum Cormac Ó Ficheallaigh, file a bhí tráth i gCléire, an caoineadh Mairbhne Bhád an Bhulláin ar an dtarlúint.
113 Barra an Bhulláin PC Tá beart ó Bharra an Bhulláin ar trá mhara thuille go maith chun iascaigh PC
114 Pointe an Churtánaigh PC. Cf. Garraí Neill Ní Churtáin BID 98.
115 An Bhá Bheag PC
116 An Leagánach PC, LDF, LSC 2, An Liogánach LSC 1, Luggauna (Soft slate stone) NBR Siad na clocha atá gnách timpeall na háite seo ná séala DSD. Cf. Leicín C 211; This placename probably means The Stony Place MFC 139.
117 Tón Amadáin PC, LSC 2 B’fhéidir gur tagairt do Ghrúgach Dhún an Óir atá san ainm. Cf. SC 111. Dúrthas go raibh Conán Maol Mac Mórna, an tAmadán, curtha anseo.
118 Faill Dhiarmada,
Faill Dhiarmaid Uí Dhuibhne
PC,
LSC 1, 2,
PC
Do stracálamar isteach go tóin Faill Dhiarmada a deireadh na hiascairí tráth. S’é sin le r, thug an taoide léi, sinn féin agus ár mbád agus ár n-angaí isteach go tóin Faill Dhiarmada. Nuair atá bád ag iascach le línte cóngarach leis na carraigeacha, caitheann an chriú a bheith cúramach, aireannach, toisc go mbíonn taoidí láidir neamh-stuidéara ag sceith ‘na dtimpeall agus beidh ar a’ gcriú san a súile a choinneál ar oscailt i gcónaí le heagla dhóibh iad féin agus na línte a chaitheamh an áirde ar na carraigreacha san. Tá Faill Dhiarmada ar ceann tsiar an Oileáin seo Chléire; faill ard ag féachaint síos ar an bhfarraige atá ann. Deirtear anso go gcaithfear an Protastúnach deireannach a bheidh sa dtír seo le faill atá ar an dtaobh thiar den Oileán. Faill Dhiarmada an ainm atá air COS RBÉ: 1607:66.
119. Faill Dhiarmada Uí Chrónacáin PC,
Foildermotycronacane SO 1, 2
Tagairt don laoch Fiannaíochta Diarmaid Ó Duibhne. Cf. Garraí Dhonncha Uí Chrónacháin C 83.
120. Tón Faill Dhiarmada PC
CÓS RBÉ 1607:166
Tón na faille isea bun na faille ansin. Ball tábhachtach ag Lucht Faire Éan.
121. Leac Dhiarmada PC Tá stair ag baint le barr na faille seo Faill Dhiarmada, mar is ann atá Diarmaid Ó Dúinn, na ndéadgeal, cos éadthrom curtha fé leic, agus Leac Dhiarmada a thugtar ar an leic sin. Beagán beag slí ó Phointe Ard an tSrutha ar chliathán na faille, tá liag mhór leagtha anuas socair ar an dtalamh. Agus thíos faoin liag seo, de réir seanscéil, tá Diarmaid Ó Duibhne curtha, agus is é an ainm atá ar an bhfaill ná Faill Dhiarmada. Dá bhrí sin, téann an ainm chomh fada siar le aimsir na bhFiann DSD.
122. An Leac Bhuí PC
Lickboy (Yellow flagstones) NBR
123. Faill na Lice Buí PC
Faill na Lice Buí = Cliff of the Yellow Slab or Flagstone MFC 138
124 Faill na Loinge PC,
SC 98,
Foilnalunga,
Cliff of the Ship (one of Paul Jones’s pirate ships is said to have sunk there) NHC 34.
Tháinig long isteach sa chuan ansin maidin, lán d’adhmad agus gan éinne ar bord inti. Chuir fearaibh Chléire fé sheol arís í ar ordú seoltóir loinge gurbh ainm dó Ciarán Dáith. Ní fios conas a thárla, ach ní raibh tásc ná tuairisc le fáil ar an long arna mháireach. ‘Bhí tuairim fiche comhaos i gCléire ag eirí suas in éineacht, agus lucht comhaois a thugtaí orthu, mar Bliain na Loinge a rugadh iad Cf. SC 99.
125 Tigh Dhónail Uí Lionáin MJC The Burkes here, ancestors of the Leonards came originally from Co. Clare. This house was built by my great-grandfather in 1800. It was built around an older house, whose foundations were used for the present building DÓL.
126 An Port,
Port Dhónail Uí Lionáin
PC
127 Leacain an Phoirt PC
128 Tigh Dhiarmaid Uí Mhathúna PC
129 Cabhlach Bohane PC
130 Tigh Thomáis Uí Shé PC
Cf. Ó Sé, Baile Iarthach Theas BGC.
131. Tigh Dháibhí Máire Dháith PC Tigh le Dáibhí Mac Gearailt. ‘Dáibhí na mBréag’ a bhí mar leasainm ar Dháibhí Mac Gearailt a chónaigh anseo.
132. Tigh an Bhanaltra PC Roimhe seo bhí Tigh an Bhanaltra i gCrathach Thiar. Cf. Tigh an Bhanaltra Cti 44. Is le Bord Sláinte an Deiscirt an tigh seo.
133. Tigh Patrick Leonard PC. Cf. Ó Lionán, Baile Iarthach BGC. Bungaló a tógadh sna seachtóidí.
134. Tigh Mháiréad Bean Uí Dhonnabháin PC Jermiah Donovan came to Cléire from Castle Island in Long Island Bay and married Catherine Cadogan from the house near the Bollán in Cummer. They had fourteen children and lived in the old house to the rear of Peg Donovan’s, i.e. Tigh Mháiréad Bean Uí Dhonnabháin BC. Bhí Daniel, mac le Jermiah Donovan pósta ag Máiréad Nic Curtáin, An Gleann Phós Muriel Donovan, Seosamh Ó Drisceoil, Cnocán na mBairneach agus bhí cónaí orthu i dTigh an Mháistir Cn 28. Cf. Mac Curtáin, An Gleann BGC agus Ó Drisceoil, Cnocán na mBairneach BGC.
135. Tigh an Bhainisteora PC Bungaló a tógadh i 1975 do Bhainisteoir Chomharchumann Chléire Teo. Máirtín Ó Méalóid agus a chlann atá ann anois.
136. Ionad Campála PC Bhí méadú mór ar líon na gcuairteoirí go Cléire sna hochtóidí agus tháinig feabhsaithe leis ar na háiseanna a bhí ar fáil dóibh. Cuireadh bád farantóireachta nua ar fáil agus osclaíodh Iarsmalann Chléire, Bialann agus Ionad Campála.
137. Tobar Chuas an Uisce PC
138. An Sean Tí CFC 99 Bothán de chuid Reuters News a bhí ann, suite ar an Sliabh Ard. Do bhíodh radharc ar an bhfarraige ón dtigín beag seo. An seantí a thugtaí mar leasainm ar an mbotháinín siúd. Dob é gnó a bhí den tseantí ná, ag faire ar loingsibh a bhíodh ag teacht ó Mheirice, mar ní raibh aon long a bhíodh ag teacht ón dtaobh aniar ná caitheadh comharthaí a dhéanamh leis an seantí ar an Sliabh Ard.
Do bhíodh beirt fhear ag faire amach ar a dturann ar na loingsibh istigh sa tigín seo gach re cheithre uair a chloig acu. Do dheinidís comharthaí nó caint leo sa lá le brataí, agus ins an oíche le soilse. Ansin do chuirtí teachtaire aniar ón Sliabh Ard go dtí an oifig á insint go raibh long ag teacht ón dtaobh aniar. Agus nuair a thagadh an long chomh fada le béal an chuain do bhí bád speisialta ann roimpi chun an scéil i gceart a thógáil ar dtír go dtí oifig Reuter, agus do chuiridís sin na scéalta go dtí ceannaithe na loinge. Cf. SC 4-5, CÓS RBÉ 609:258-60
1. An Sliabh Ard Baile Iarthach Theas
2. Bóthar Sliabh Ard
3. An Charraig Aonair Fastnet Rock & Lighthouse
4. Radharc ar Thrá Chiaráin agus Inbhir View of North and South Harbours